Department of Culture, Arts and Leisure
Business


Languages

Photogrpah of Culture, Arts and Leisure Minister Edwin Poots at the Foras na Gaeilge stand at the Balmoral Show
In addition to English, many other languages are used in Northern Ireland, including indigenous minority languages (Irish and Ulster-Scots), minority ethnic languages (such as Cantonese, Portuguese and Arabic) and British and Irish Sign Languages.

The Belfast/Good Friday Agreement committed the Government to 'recognise the importance of respect, understanding and tolerance in relation to linguistic diversity, including in Northern Ireland, the Irish language, Ulster-Scots and the languages of the various ethnic minority communities, all of which are part of the cultural wealth of the island of Ireland.'

The Department of Culture, Arts and Leisure (DCAL) jointly sponsors the North/South Language Body along with the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs (DCRGA).

The North/South Language Body was established on 2 December 1999 following the Belfast/Good Friday Agreement. It comprises Foras na Gaeilge,Opens new window  (Irish Language Agency) and Ulster-Scots Agency Opens new window (Tha Boord o Ulstèr-Scotch).  DCRGA funds 75% of the budget of Foras na Gaeilge and DCAL the remaining 25%.  DCAL funds 75% of the budget of the Ulster-Scots Agency and DCRGA the remaining 25%.

Photograph of Culture, Arts and Leisure Minister Edwin Poots at the Ulster-Scots stand at the Balmoral Show   
DCAL promotes the use of Irish and Ulster-Scots in order to safeguard them as an important part of our shared cultural heritage. Irish and Ulster-Scots are recognised by the UK Government under the European Charter for Regional or Minority Languages.Opens new window

An Inter-departmental Charter Implementation Group (ICIG), chaired by DCAL and comprising all Government departments that operate in Northern Ireland, has developed Guidance for public servants to help them meet their obligations under the European Charter for Regional or Minority Languages.  A copy of the Guidance is available to download THis opens a Microsoft Word document (Ms Word Format, size 160kb)

The Department, along with the Scottish Executive and the Irish Government, also provides support for the Colmcille Initiative.Opens new window This is a tri-partite arrangement to foster relations between the Gaelic speakers of Scotland and Ireland.

DCAL also aims to help people who use British and Irish Sign Languages and minority ethnic languages in Northern Ireland.

The St Andrews Agreement (October 2006) commits the Government to introduce an Irish Language Act reflecting on the experience of Wales and Ireland and to work with the incoming Executive to enhance and protect the development of the Irish language.

A consultation paper on proposed Irish language legislation was launched on 13 December 2006.  The consultation paper presented a number of approaches to language legislation for the public to consider.  The closing date for responses was 2 March 2007.  A second Equality Impact Assessment looking at the main issues discussed in the consultation paper was published on 19 January 2007.

On 13 March 2007, DCAL published a further paper seeking views on indicative draft clauses. The deadline for responses is 5 June 2007. Copies of all papers, and details of the further consultation, can be found on the Irish Language Act page.

TEANGACHA

Taobh amuigh den Bhéarla, is iomaí teanga eile a úsáidtear i dTuaisceart Éireann, lena n-áirítear mionteangacha dúchasacha (Gaeilge agus Albainis Uladh), mionteangacha eitneacha (mar shampla, Cantainis, Portaingéilis agus Araibis) agus Teanga Chomharthaíochta na Breataine agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann.

Chuir Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta ceanglas ar an Rialtas ‘aitheantas a thabhairt do thábhacht na hurraime, na tuisceana agus na caoinfhulaingthe i ndáil le héagsúlacht teanga, ar a n-áirítear i dTuaisceart Éireann, an Ghaeilge, Albainis Uladh agus teangacha na bpobal eitneach éagsúil, ar cuid de shaibhreas cultúrtha oileán na hÉireann iad uile.’

Déanann an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Foillíochta (RCEF) comhurraíocht ar an Fhoras Teanga Thuaidh/Theas in éineacht leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (RGPTG).

Bunaíodh an Foras Teanga Thuaidh/Theas ar an 2 Nollaig 1999 de bharr Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta. Áiríonn sé Foras na Gaeilge Opens new window (Gníomhaireacht na Gaeilge) agus Ulster-Scots Agency Opens new window (Gníomhaireacht na hUltaise). Maoiníonn RGPTG 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge agus soláthraíonn RCEF an 25% eile. Maoiníonn RCEF 75% de bhuiséad Ghníomhaireacht na hUltaise agus soláthraíonn RGPTG an 25% eile.

Cuireann RCEF an Ghaeilge agus Albainis Uladh chun cinn ionas go mbeidh siad sábháilte mar chuid dár gcomhdhúchas cultúrtha. Tá an Ghaeilge agus Albainis Uladh aitheanta ag Rialtas na Ríochta Aontaithe faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.Opens new window

Rinne RCEF cathaoirleach ar Ghrúpa Idir-rannach um Fhorfheidhmiú na Cairte. Bhí gach roinn Rialtais a fheidhmíonn i dTuaisceart Éireann páirteach sa ghrúpa agus tá treoir forbartha aige do státseirbhisigh chun cuidiú leo a gcuid dualgas faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a chomhlíonadh. Cliceáil ar an nasc seo a leanas le cóip den Chairt Eorpach a íoslódáil.Opens new window (Formáid Ms Word, méid 160kb)

Tugann an Roinn tacaíocht d’Iomairt Cholm Cille Opens new window fosta i gcomhpháirtíocht le Feidhmeannas na hAlban agus Rialtas na hÉireann. Is comhaontú trípháirteach atá ann chun caidrimh a chothú idir lucht labhartha na Gaeilge in Albain agus in Éirinn.

Lena chois sin, tá sé mar aidhm ag RCEF cuidiú le daoine a úsáideann Teanga Chomharthaíochta na Breataine, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus mionteangacha eitneacha i dTuaisceart Éireann.

Thug an rialtas gealltanas i gComhaontú Chill Rímhinn (Deireadh Fómhair 2006) go dtabharfaidh siad Acht Gaeilge isteach a léireoidh taithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus go n-oibreoidh siad leis an Fheidhmeannas nua le forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint.

Seoladh páipéar comhairliúcháin ar reachtaíocht atá beartaithe do Thuaisceart Éireann Dé Céadaoin 13 Nollaig 2006. Cuireann an páipéar comhairliúcháin roinnt cur chuige i dtaca le reachtaíocht teanga faoi bhráid an phobail agus iarrann sé ar pháirtithe leasmhara aisfhreagraí a thabhairt faoin Aoine 2 Márta 2007.

Foilsíodh Measúnúacht Tionchair Chomhionannais eile ar 19 Eanáir 2007 agus díríonn sí ar na príomh-shaincheisteanna a phléitear sa phaipéar chomhairliúcháin. Is féidir cóipeanna Gaeilge/Béarla de na páipéir sin a fháil ar leathanach na gcomhairliúchán.

Current Issues
Information
Associated Bodies
Links