|
|
Frequently Asked QuestionsCeisteanna Coitianta Cliceáil ar cheist thíos más mian leat an cheist sin agus an freagra a aimsiú:
Cad iad na teanqacha a labhraítear i dTuaisceart Éireann? Is é an Béarla an teanga is forleithne a labhraítear i dTuaisceart Éireann. Is iad seo a leanas meastacháin ar líon na ndaoine a labhraíonn teangacha diomaite den Bhéarla i dTuaisceart Éireann: Gaeilge 106,844 Tháinig méadú suntasach ar líon na spailpíní fánacha atá ag teacht go Tuaisceart Éireann, go háirithe ó stáit nua aontachais an AE, ach níl figiúirí faoi líon na ndaoine a labhraíonn teangacha na gceantar seo ar fáil go fóill. Ó fhoinsí éagsúla: Suirbhé Northern Ireland Life and Times 1999, tuarascáil ‘I bhFocail Eile’ le Daniel Holder, Kirk / O’Baoill, Cumann Bodhar na Breataine. Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha is sine ar an domhan. Is den chraobh Cheilteach de na teangacha Ind-Eorpacha í; is teangacha eile sa chraobh seo Gaeilge na hAlban, Gaeilge Mhanann, an Bhreathnais, an Bhriotáinis agus an Chornuais. Go bunúsach, is gluaiseacht athbheochana í gluaiseacht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Fuair na cainteoirí dúchais Gaeilge (go stairiúil) bás sna 1970í ach, faoin am sin, nocht teaghlaigh Ghaeilge i gceantair éagsúla i dTuaisceart Éireann, agus clachan beag i mBéal Feirste san áireamh. Tá an Ghaeilge á seachadadh ó ghlúin go glúin sna teaghlaigh seo. Tá cainteoirí Gaeilge scaipthe ar fud Thuaisceart Éireann agus tá an comhchruinniú is mó acu i mórcheantar Bhéal Feirste. Tá tuairim ar 4,000 páiste á dteagasc trí mheán na Gaeilge faoi láthair, agus tá an Ghaeilge ar an triú teanga is mó a bhfuil móréileamh uirthi atá á teagasc ag leibhéal GCSE i scoileanna Thuaisceart Éireann. Is teanga Ghearmánach í an Ultais agus is í an leagan áitiúil de theanga na hAlban í. Labhraítear go príomha í i gceantair thuaithe in oirthuaisceart Chontae an Dúin, in Aontroim, in oirthear Dhoire agus in oirthear Dhún na nGall i bPoblacht na hÉireann. Is teangacha eile Gearmánacha iad an Béarla, an Ollainnis agus an Ghearmáinis agus, dá thairbhe sin, is iomaí gné atá ag an Ultais i gcoiteann leo. Baineadh úsáid as teanga na hAlban i gcúirt na hAlban lá den tsaol agus tugadh go hÉirinn in aimsir na bPlandálacha í. Sainmhínítear an Ultais i reachtaíocht mar: ‘an leagan de theanga na hAlban ar baineadh úsáid go traidisiúnta as i bpáirteanna de Thuaisceart Éireann agus Dhún na nGall.’ (The North / South Co-operation (Implementation Bodies) (Northern Ireland) Order 1999) Cad is Teanga Chomharthaíochta ann? Is í Teanga Chomharthaíochta an meán cumarsáide is fearr le 5,000 duine de na 17,000 duine i dTuaisceart Éireann atá an-bhodhar nó bodhar amach is amach, agus baintear úsáid fosta aisti ag cion suntasach dá dteaghlaigh agus dá gcairde. Is teanga ó cheart Teanga Chomharthaíochta. Tá gramadach agus comhréir dá cuid féin aici nach bhfuil cosúlacht ar bith idir iad agus rialacha gramadaí an Bhéarla. Baintear úsáid as comhpháirteanna láimhe agus neamhláimhe: cruthanna láimhe agus luailí, gothaí gnúise agus comharthaíocht choirp. Tá dhá theanga chomharthaíochta i dTuaisceart Éireann – Teanga Chomharthaíochta na Breataine (TCB) agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ). Baineann amuigh is istigh ar 3,500 duine anseo úsáid as TCB agus baineann amuigh is istigh ar 1,500 duine úsáid as TCÉ. Is teangacha ar leith TCB agus TCÉ agus tá difear mór eatarthu; m.sh. baintear úsáid as dhá láimh i méaraibítir TCB, neamhionann is méaraibítir TCÉ ina mbaintear úsáid as láimh amháin. Cad is an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ann? Is coinbhinsiún idirnáisiúnta an Chairt a bhfuil sé mar aidhm aici teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chothú. Ní thugann an Chairt aon chearta aonair nó comhchoiteanna dóibh siúd a labhraíonn teangacha réigiúnacha nó mionlaigh. Cuspóir cultúrtha is ea cuspóir sáraitheach na Cairte. Is aidhm di teangacha réigiúnacha nó mionlaigh, mar ghné d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa atá faoi bhagairt, a chosaint agus a chothú. Shínigh Rialtas RA an Chairt ar 2 Márta 2000 agus dhaingnigh siad é ar 27 Márta 2001. Tháinig an Chairt i bhfeidhm ar 2 Iúil 2001. Cuireann sí ceanglas ar gach Stát a dhaingnigh í. Mar sin de, tá impleachtaí aici do gach roinn Rialtais i dTuaisceart Éireann agus dá gcomhlachtaí gaolmhara, do gach roinn de chuid Whitehall atá ag feidhmiú i dTuaisceart Éireann agus don Rialtas Áitiúil. I dTuaisceart Éireann baineann sí leis an Ghaeilge agus leis an Ultais. Ní chumhdaíonn sí teangacha comharthaíochta ná teangacha na bpobal mionlaigh eitneach. Caithfidh Rialtas RA tuarascálacha a sholáthar do Choiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa ó am go céile; soláthraíonn an Coiste Saineolaithe tuarascálacha ó am go céile ar chomhlíonadh dhualgais Chairte gach stáit. Cad é a chiallaíonn an Chairt don Ghaeilge? Ciallaíonn siniú na Cairte gur féidir le lucht úsáide Gaeilge úsáid a bhaint as an Ghaeilge agus iad ag scríobh chuig Ranna nó Gníomhaireachtaí Rialtais nó ag scairteadh orthu. Ní héigean do Ranna nó Ghníomhaireachtaí Rialtais freagairt i nGaeilge, cé gur ceadaithe dóibh sin a dhéanamh. Ciallaíonn seo gur féidir leat scríobh i nGaeilge ar fhoirmeacha iarratais, ar thuairisceáin chánach agus araile. Cuimhnigh, áfach, mar gurb é an Béarla teanga oibre Státseirbhís Thuaisceart Éireann, go mbeidh feidhm le furmhór na n-aighneachtaí a aistriú, agus, dá thairbhe sin, gur féidir go gcuirfear moill bheag le do fhreagra. Más mian le lucht úsáide Gaeilge labhairt i nGaeilge le feidhmeannach Rialtais nach bhfuil Gaeilge aige/aici, ba chóir fógra a thabhairt sa dóigh is gur féidir ateangaire a shocrú, más féidir sin. Cad é a chiallaíonn an Chairt don Ultais? Cé nach gcuireann an Chairt ceanglas ar Ranna agus Ghníomhaireachtaí Rialtais glacadh le litreacha nó le scairteanna gutháin in Ultais, tá a mbunús sásta sin a dhéanamh. Ní héigean do Ranna nó Ghníomhaireachtaí Rialtais freagairt in Ultais, cé gur ceadaithe dóibh sin a dhéanamh. Ciallaíonn seo gur féidir leat scríobh in Ultais ar fhoirmeacha iarratais, ar thuairisceáin chánach agus araile. Cuimhnigh, áfach, mar gurb é an Béarla teanga oibre Státseirbhís Thuaisceart Éireann, go mbeidh feidhm le furmhór na n-aighneachtaí a aistriú, agus, dá thairbhe sin, gur féidir go gcuirfear moill bheag le do fhreagra. De ghnáth (de bharr fadhbanna ag socrú aistritheoirí) ní bheifear in ann socrú a dhéanamh le cruinniú a bheith ag cainteoirí Ultaise in Ultais. Aistreoidh agus foilseoidh an Rialtas doiciméid áirithe a bhfuil spéis ar leith ag cainteoirí Ultaise iontu. Cad é atá RCEF a dhéanamh le cuidiú leis an Ghaeilge? I gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, maoiníonn RCEF Foras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn. Cuireann RCEF maoiniú ar fáil fosta do Colmcille; eagraíocht a bhfuil sé mar aidhm acu ‘tacaíocht a chothú don Ghaeilge agus naisc a fhorbairt idir Gaeil na hAlban agus Gaeil na hÉireann.’ Feidhmíonn RCEF an tseirbhís aistriúcháin Ghaeilge, a ndéantar rialú cáilíochta uirthi, do Státseirbhís Thuaisceart Éireann. Oibrímid linn leis na haistriúcháin Ghaeilge, a mbaineann an earnáil phoiblí úsáid astu, a chaighdeánú agus a fheabhsú. Tá léiriúchán méadaithe chlár Gaeilge á chothú tríd an Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Taobh istigh den Státseirbhís ghlac RCEF an ról ceannais i bhforbairt dóigheanna ar féidir le cainteoirí Gaeilge úsáid a bhaint as a rogha teanga agus iad ag plé le gníomhaireachtaí Rialtais. Cuimhnigh, áfach, go bhfuil Ranna freagrach as a ngníomhartha féin ina thaobh seo. Chuimsigh an ghníomhaíocht seo soláthar treorach d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí a bheadh ina cuidiu acu a ndualgais a chomhlíonadh faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i dtaca leis an Ghaeilge nó leis an Ultais de. Cad é atá RCEF a dhéanamh le cuidiú leis an Ultais? I gcomhar leis an Roinn Gnóthaí pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, maoiníonn RCEF Gníomhaireacht na hUltaise (Tha Boord o Ulster-Scotch). Tá Gníomhaireacht na hUltaise (Tha Boord o Ulster-Scotch) freagrach as úsáid mhéadaithe Ultaise agus as feasacht mhéadaithe ar cheisteanna cultúrtha a bhaineann leis an Ultais a chothú, taobh istigh de Thuaisceart Éireann agus ar fud an oileán araon. Tá RCEF fosta ag ullmhú pleananna d’Acadamh Ultaise agus bheimis ag súil go mbeadh sé faoi lán seoil gan mhoill. Ghlac RCEF ról ceannais i soláthar treorach d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí a bheadh ina cuidiu acu a ndualgais a chomhlíonadh faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i dtaca leis an Ultais de. Cad é atá RCEF a dhéanamh le cuidiú le Teanga Chomharthaíochta? Soláthraíonn Comhaontú Bhéal Feirste / Aoine an Chéasta an cuspóir uileghabhálach beartais dár gcuid oibre ar éagsúlacht teangacha. Cé nár luaíodh Teanga Chomharthaíochta na Breataine (TCB) agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) go sonrach i gComhaontú Bhéal Feirste / Aoine an Chéasta, chaith an Roinn i gcónaí leo mar theangacha aitheanta. Ar 29 Márta 2004, d’fhógair Státrúnaí Thuaisceart Éireann aitheantas foirmeálta TCB agus TCÉ mar theangacha ó cheart. Trí Ghrúpa Comhpháirtíochta ar Theanga Chomharthaíochta, tá Ranna Rialtaís, agus iad ag obair i gcomhar le hionadaithe ó phobal na mBodhar faoi cheannas RCEF, ag gníomhú le tuigse, caoinfhulaingt agus meas ar TCB agus TCÉ a fheabhsú agus le smaointe a cheapadh le teacht ar sheirbhísí poiblí a fheabhsú. Go dtí seo chuimsigh an obair seo forbairt thaispeántas taistil le feasacht ar TCB agus TCÉ a fheabhsú, ullmhú treorach d’fhoireann tosaigh i Ranna Rialtais agus Taighde le roghanna agus deiseanna a aithint a d’fheabhsódh soláthar ateangairí agus teagascóirí teanga comharthaíochta. Cad é atá RCEF a dhéanamh le cuidiú le Teangacha Mionlaigh Pobail Eitnigh? Mar chuid d’Fhóram Ciníocha Thuaisceart Éireann, tá an ról ceannais ag RCEF i ngrúpa a bheas ag amharc ar na riachtanais teanga agus chumarsáide a bhíonn ag pobail mhionlaigh eitnigh agus iad ag iarraidh teacht ar sheirbhísí poiblí anseo. Beidh an grúpa seo ina chomhpháirtíocht idir grúpaí leasmhara deonacha agus pobail, an earnáil phoiblí agus eagraíochtaí eile. Táthar ag súil go mbeidh an grúpa ábalta moltaí a dhréachtú a laghdóidh an neamhionannas a fhulaingíonn cainteoirí teangacha mionlaigh eitnigh anseo trí chaighdeáin a fhorbairt agus an cleachtas is fearr a aithint. Cad é mar a oibríonn an Foras Teanga Thuaidh / Theas? Cad é a dhéanann sé? Cá háit a bhfuil sé lonnaithe? Bunaíodh an Foras i Mí na Nollag 1999 le héifeacht a thabhairt do ghealltanas ó rialtais na Breataine agus na hÉireann i gComhaontú Bhéal Feirste / Aoine an Chéasta. Tá 24 comhalta boird san fhoras; 16 ar leas leo an Ghaeilge agus 8 ar leas leo an Ultais. I bhfírinne, feidhmíonn an dá ghrúpa seo mar dhá bhord, ceann atá freagrach as taobh na Gaeilge agus ceann atá freagrach as taobh na hUltaise de shainchúram an Fhorais Teanga. Tá Cathaoirleach ar gach ceann den dá ghrúpa, a ghníomhaíonn le chéile mar chomhChathaoirligh an Fhorais Teanga. Tá dhá Ghníomhaireacht fhorfheidhmithe ag an Fhoras Teanga; Gníomhaireacht na hUltaise (Tha Boord o Ulster-Scotch) agus Foras na Gaeilge (Gníomhaireacht na Gaeilge). Éascaíonn Comhrúnaíocht CATT (An Chomhairle Aireachta Thuaidh / Theas) na Ranna coimircíochta (RCEF agua RGPTG) agus an Foras Teanga agus iad ag déanamh socruithe a bheas ina gcuidiú ag na Gníomhaireachtaí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh de réir a sainchúraim reachtaigh. Comhordaíonn Comhrúnaíocht CATT cinntí na n-Airí trí phróiseas Nósanna Imeachta Eatramhacha CATT. Tugann The North / South Co-operation (Implementation Bodies) (Northern Ireland) Order 1999 achoimre ar fheidhm an Fhorais Thuaidh / Theas: ‘Foras amháin, a bhfuil dhá chuid ann, a bhfuil na feidhmeanna seo a leanas acu: An Ghaeilge: a. An Ghaeilge a chur chun cinn; b. a húsáid a éascú agus a ghríosú sa chaint agis i scríbhinn i saol poiblí agus príobháideach an Deiscirt agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann nuair atá an t-éileamh cuí ann c. comhairle a thabhairt don dá roinn, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus san earnáil deonach; d. tionscadail tacaíochta a ghlacadh de láimh, agus deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus ghrúpaí de réir mar a mheastar gur gá; e. taighde a dhéanamh agus feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus cumarsáide a ghlacadh de láimh; f. téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt; g. tacú leis an Ghaelscolaíocht agus le teagasc na Gaeilge. An Ultais: úsáid mhéadaithe Ultaise agus feasacht mhéadaithe ar cheisteanna cultúrtha a bhaineann leis an Ultais a chothú, taobh istigh de Thuaisceart Éireann agus ar fud an oileán araon. tá ceannoifig ag Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus tá oifig acu i mBéal Feirste. Tá Gníomhaireacht na hUltaise (Tha Boord o Ulster-Scotch) lonnaithe i mBéal Feirste agus tá oifig acu i nDún na nGall. Cad é mar a shocraítear an buiséad do chuid na Gaeilge agus chuid na hUltaise den fhoras teanga Thuaidh/Theas? Cad chuige a bhfuil difear eatarthu? Socraítear buiséid an dá ghníomhaireacht go neamhspleách de réir a riachtanas ar leith féin (mar a thugtar achoimre orthu ina bpleananna gnó) agus an maoiniú atá ar fáil á chur san áireamh. Comhaontaítear na buiséid ag RCEF agus RGPTG i gcomhar lena dhá rann airgeadais, agus i ndlúthchomhairle leis an dá ghníomhaireacht, ar ndóigh. Ní shocraítear iad i gcoibhneas le chéile. Feidhmíonn an dá ghníomhaireacht de réir blianta féilire. Maoiníonn RCEF 75% de bhuiséad Ghníomhaireacht na hUltaise (Tha Boord o Ulster-Scotch) agus maoiníonn RGPTG 25% de. Maoiníonn RGPTG 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge agus maoiníonn RCEF 25% de. Comhaontaíodh na comhréireanna seo nuair a bunaíodh na forais agus coinníodh ó shin iad. Ba chóir duit a chur san áireamh go dtugann RGPTG maoiniú i euro, agus go dtugann RCEF maoiniú i steirling. Tá fáthanna éagsúla ann a bhfuil difear idir buiséid an dá ghníomhaireacht. Ina measc siúd tá: 1. Líon na gcustaiméirí 2. Leibhéal forbartha agus cás éagsúil an dá theanga agus cumas na bpobal. 3. Bunaíodh Gníomhaireacht na hUltaise (Tha Boord o Ulster-Scotch) ó thús, ach tháinig Foras naGaeilge (Gníomhaireacht na Gaeilge) ó eagraíochtaí a bhí ann, a raibh gealltanais airgeadais agus foireann a raibh taithí acu, acu. Cad é an buiséad atá ag an Fhoras Teanga Thuaidh/Theas? Feidhmíonn an Foras Teanga Thuaidh / Theas ar bhonn blianta féilire. Ar an ábhar go bhfaigheann an dá ghníomhaireacht a ndeontas i dhá airgeadra, tá an méid a fhaigheann siad i ndeireadh báire ag brath ar luaineachtaí airgeadra. Is é an steirling príomhairgeadra Ghníomhaireacht na hUltaise (Tha Boord o Ulster-Scotch), agus is é an euro (Puint Éireannacha roimhe seo) príomhairgeadra Fhoras na Gaeilge; mar sin de, tugaimid figiúirí sna hairgeadraí seo: Gníomhaireacht na hUltaise (ar leithligh) bliain PB (milliúin)
Foras na Gaeilge (ar leithligh) bliain Euro (milliúin)
Maoiníonn RCEF 75% de bhuiséad Ghníomhaireacht na hUltaise agus maoiníonn RGPTG 25% de. Maoiníonn RGPTG 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge agus maoiníonn RCEF 25% de. Comhaontaíodh na comhréireanna seo nuair a bunaíodh na forais agus coinníodh ó shin iad. D’fhionn Daonáireamh 2001 go raibh ‘eolas éigin ar an Ghaeilge ag 167,490 duine’ agus go raibh 75,125 díobh siúd ábalta ‘Gaeilge a labhairt, a léamh, a scríobh agus a thuigbheáil.’ Léiríonn Suirbhé Northern Ireland Life and Times agus an Daonáireamh gur Caitilicigh Rómhánacha, náisiúnaithe agus daoine óga na daoine a labhraíonn Gaeilge de ghnáth. Níl difreálaigh shuntasaigh ar bith ann mar gheall ar inscne, stádas pósta nó chleithiúnaithe, agus níl sonraí ar bith againn mar gheall ar chlaonadh gnéasach. Is dóichí Lucht Siúil na hÉireann gaeilge a labhairt agus is mar a gcéanna é le daoine singilte agus daoine nach bhfuil míchumasaithe. Cé a labhraíonn Ultais i dTuaisceart Éireann? D’fhionn Suirbhé Northern Ireland Life and Times (1999) gur labhair 2% den phobal Ultais: tuairim ar 35,000 duine. Measann Cumann na hUltaise go bhfuil 100,000 cainteoir ann. Lena chois sin, tá cainteoirí Ultaise in oirthear Dhún na nGall. Agus, ar ndóigh, tá suas le dhá mhilliún cainteoirí Albainis in Albain. D’fhionn Suirbhé Northern Ireland Life and Times (bunaithe ar líon beag cainteoirí Ultaise – 43) gur dóichí cainteoirí Ultaise a bheith níos sine agus a bheith ina bProtastúnaigh nó fireann. D’fhionn sé fosta gur mheas rud beag ní ba lú ná leath na gcainteoirí Ultaise gurbh ‘aontachtaithe’ iad, agus bhí an chuid eile rannta go measartha cothrom idir ‘náisiúnaithe’ agus ‘ceachtar.’ Níl difreálaigh shuntasaigh ar bith ann mar gheall ar inscne, stádas pósta nó chleithiúnaithe, agus níl sonraí ar bith againn mar gheall ar chlaonadh gnéasach. Tá baint agam le clár Gaeilge nó Ultaise agus ba mhaith liom deontas a fháil. Cad é a ba chóir domh a dhéanamh? Ní mhaoiníonn RCEF eagraíochtaí go díreach; ina áit sin, feidhmímid trínár nGníomhaireachtaí. Maoiníonn Foras na Gaeilge grúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh lena gceannoifig i mBaile Átha Cliath go bhfaighe tú amach cé acu a chomhlíonann tú na critéir ábhartha nó nach gcomhlíonann: Foras na Gaeilge 7 Cearnóg Mhuirfean Baile Átha Cliath 2 Teileafón: 1850 325325 (Éire) / 0845 3098142 (TÉ) Ríomhphost: eolas@forasnagaeilge.ie Suíomh Gréasáin: www.gaeilge.ie Nó a n-oifig i mBéal Feirste: Foras na Gaeilge Teach an Gheata Thiar 2-4 Sráid na Banríona Béal Feirste BT1 6ED Teileafón: 028 9089 0970 Rphost: eolas@forasnagaeilge.ie Suíomh Gréasáin: www.gaeilge.ie Maoiníonn Gníomhaireacht na hUltaise grúpaí agus eagraíochtaí Ultaise. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh lena gceannoifig i mBéal Feirste go bhfaighe tú amach cé acu a chomhlíonann tú na critéir ábhartha nó nach gcomhlíonann: Gníomhaireacht na hUltaise Teach Franklin 5ú hUrlár 10-12 Sráid Brunswick Béal Feirste BT2 7GE Teileafón: 028 9023 1113 (TÉ) / 00353 749173876 (Éire) Rphost: info@ulsterscotsagency.org.uk Suíomh Gréasáin: www.ulsterscotsagency.com Ar ndóigh, tá an iomad eagraíochtaí eile ann a thugann deontais, agus san am atá thart d’éirigh leis an iomad grúpaí Gaeilge agus Ultaise deontais a fháil ó fhoinsí eile ar an ábhar gur chomhlíon a ngníomhaíochtaí a gcritéir dheontais. Ba mhaith liom teanga a fhoghlaim. Cad é a ba chóir domh a dhéanamh? Más maith leat Gaeilge a fhoghlaim, tá eolas úsáideach ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge. Más maith leat Ultais a fhoghlaim, tá eolas úsáideach ar shuíomh gréasáin Ghníomhaireacht na hUltaise. Bainim úsáid as Gaeilge nó as Ultais i mo shaol laethúil; an féidir liom scairteadh ar an Rialtas nó scríobh chucu sa teanga is rogha liom? Is féidir. Is féidir leat scríobh chuig roinn nó gníomhaireacht ar bith Rialtais i nGaeilge nó in Ultais. Is féidir go scríobhfaidh cuid de na comhlachtaí ar ais sa teanga a roghnaigh tú. Is féidir leat fosta scairteadh ar an Rialtas i nGaeilge nó in Ultais: cuireadh glórphost ar bun a cheadódh seo: Gaeilge: +0044 028 90258971 Ultais: +0044 028 90258924 Bí cinnte go n-abrann tú cé dó an teachtaireacht agus tabhair do sheoladh sa dóigh is gur féidir freagra a chur chugat nuair a aistreofar do theachtaireacht. |
Current Issues
Information
Associated Bodies
Links
|